An Chéad Mhí in Montana Curtha Díom

Níl sé de nós agam blaganna a scríobh, ach tá ’ fhios agam cheana féin nuair a fhiafróidh daoine díom ag deireadh na bliana cén chaoi raibh Montana nach rithfidh mórán liom seachas “togha”,  nó b’fhéidir “fuar”. Dá bhrí sin, táim chun cúpla rud a bhreacadh síos thall is abhus de réir mar a ritheann siad liom, agus más spéis le héinne iad a léamh, bíodh fáilte romhaibh.

“Is breá liom do ghúna”

Tá isteach is amach le sé seachtaine caite agam in Missoula, Montana faoin am seo, agus is é an rud is mó a chuireann ag gáire mé ar bhonn laethúil ná an abairt “I LOVE your dress” nó díreach “Cute dress!” Níl ’ fhios agam an é gur cineál gúrú faisin anseo mé nó an é go bhfuil sé de nós ag na Meiriceánaigh éadaí a mholadh níos minice ná mar a dhéantar in Éirinn, ach tarlaíonn sé dom ar a laghad uair amháin sa lá go ndeir strainséir liom gur breá leo mo ghúna. Ní chaithfidh go bhfuilim ag seasamh os a gcomhair amach i scuaine nó rud ar bith fiú amháin; uaireanta agus mé ag rith suas an staighre ó rang amháin go rang eile, stopann duine mé chun a rá liom gur maith leo mo ghúna. Dúirt mac léinn de mo chuid liom gur mhaith léi dul go hÉirinn an samhradh seo chugainn – ní ar mhaithe le Guinness a ól, le Cloch na Blarnan a phógadh, nó lena cúpla focal Gaeilge a úsáid – ach chun gúnaí deasa ar nós na cinn a chaithimse a cheannach! Agus ní cailíní amháin a chleachtann an nós seo. Agus mé ag siúl timpeall champas na hollscoile, deir buachaillí fánacha liom go dtaitníonn mo ghúna leo chomh minic céanna is a deir na cailíní é. Nímé céard a déarfaidís dá mbeadh a fhios acu gur ar €5 (nó mar sin) i siopaí carthanais Ráth Maoinis agus Átha Buí a cheannaigh mé formhór mór díbh!

Nach í an teanga chéanna a labhrann muid?

Tá roinnt mhaith mac léinn iasachta in Ollscoil Montana agus mothaím trua dóibh siúd nach bhfuil an Béarla acu mar theanga dhúchais. Cén fáth a ndéarfainn a leithéid? Bhuel, seans go bhfuil ag éirí níos fearr leo ná mar atá ag éirí liomsa, ach is minic nach dtuigtear mé anseo, rud a baineadh siar asam mar ní dóigh liom go bhfuil blas láidir ar mo chuid Béarla. Bainim taitneamh as na míthuiscintí seo, le bheith fírinneach, agus ní thagann lagmhisneach orm toisc go dtuigim go maith go bhfuil líofacht agam sa mBéarla agus go dtuigtear mé in Éirinn agus i Sasana (den chuid is mó), ach samhlaigh dá mbeifeá tar éis cúpla bliain a chaitheamh ag foghlaim an Bhéarla sular tháinig tú anseo, agus ansin nár thuig éinne thú! Tabharfaidh mé cúpla sampla daoibh den chineál míthuisceana atá i gceist agam.

An chéad lá dom ar an gcoláiste chuaigh mé isteach chuig ceann de na bialanna chun greim bia a fháil. Bhí cúpla cuntar ann, shiúil mé suas chuig ceann amháin acu, agus d’iarr mé ceapaire ar an bhfreastalaí. “Chicken-salad sandwich” a d’iarr mé air, le bheith sonrach. Thuig mé láithreach, áfach, ón aghaidh a rinne sé go raibh mé tar éis rud éicint aisteach lorg. Bhreathnaigh sé ar an mbean a bhí ag obair leis, chroith siad beirt na guaillí, agus bhreathnaigh ar ais orm. “We don’t usually do that,” ar sé, “but we’re not too busy so I suppose why not.” D’imigh sé leis, tháinig ar ais le bosca plaisteach, agus thosaigh ag cur leitís isteach ann. Bhí ’ fhios agam go maith faoin am seo go raibh míthuiscint ann, ach bheartaigh mé gan tada a rá, a fheiceáil a dtitfeadh amach. Thóg sé dhá phíosa sicín domhainfhriochta amach ón oigheann, ghearr iad, agus chaith isteach ar an leitís iad. Ansin d’fhiafraigh sé díom an raibh aon rud eile uaim. Ní raibh sé de mhuinín agam a rá leis nach ceapaire a bhí ann ar chor ar bith, agus os rud é go sailéad de chineál éicint a bhí agam faoin am seo, d’iarr mé air cúpla tráta a chaitheamh isteach air más ea. Ar aghaidh liom chun íoc as, ach níorbh in deireadh an mhearbhaill ar fad. Ní raibh ’ fhios ag éinne céard a bhí sa mbosca agam, nó cé mhéad le gearradh orm. Sa deireadh – tar éis cruinniú idir oibrithe na bialainne ar fad ba chosúil – gearradh $5 orm agus scaoileadh liom. Níor ith mé sa mbialann sin ó shin…

Níor dúradh liom riamh agus mé in Éirinn go bhfuil gliscín – nó lisp – agam, ach is cosúil go ceann le cloisteáil ag cluas an Mheiriceánaigh é. Tharla sé dom sa mbanc, in oifig an phoist agus i gcúpla áit eile gur litrigh mé m’ainm os ard, agus gurb é Éilif a scríobh siad seachas Éilis. Nach bhfuil sé sin aisteach? Mo mhic léinn bochta. Tá súil agam nach bhfuil f-annaí seachas s-annaí á mbreacadh síos acu an t-am ar fad! Ní chuirfidh mé leadrán oraibh le scéalta mo mhíthuiscintí ar fad, ach déarfaidh mé libh gur ith mé cupán caife le spúnóg mar thoradh ar mhíthuiscint amháin, agus go raibh comhrá agam le fear in oifig an phoist inniu a d’imigh mar seo – “key-ring”, “earring?”, “KEY-RING”, “earring?”, “KEY-ring!”, “Ohhhh, key-ring”. Táim ag rá leat gur thuig na Spáinnigh mo dhroch-Spáinnis níos fearr ná mar a thuigeann na Meiriceánaigh mo chuid Béarla.

My "cute" dresses
My “cute” dresses
The controversial chicken-salad sandwich
The controversial chicken-salad sandwich
Grand Canyon, Yellowstone National Park
Grand Canyon, Yellowstone National Park
"The Dragon" in Yellowstone National Park
“The Dragon” in Yellowstone National Park
Getting the Friends of Irish Studies ready for the Home-coming Parade
Getting the Friends of Irish Studies float ready for the Home-coming Parade

 

Advertisements

Éireannach mná ag cur fúithi in Missoula, Montana